Treoir neamhspleách ar Rialachán (AE) 2024/2847 · Stádas: i bhfeidhm
Tagairt · Téacs iomlán

An tAcht um Athléimneacht Chibearshlándála

Rialachán (AE) 2024/2847CELEX 32024R284771 articlesI bhfeidhm · 10 Noll 2024

Téacs iomlán an Rialacháin; gach 71 airteagal thar 8 caibidil. Tá an Annexes ar leathanach ar leithligh.

Caibidil I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Article 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

(b)

ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir le dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na táirgí sin i dtaca leis an gcibearshlándáil;

(c)

ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí a chuireann monaróirí i bhfeidhm chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú le linn an ama a mheastar go mbeidh na táirgí in úsáid, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin;

(d)

rialacha maidir le faireachas margaidh, lena n-áirítear faireachán, agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas dá dtagraítear san Airteagal seo.

Article 2

Raon feidhme

Raon feidhme, in aon líne amháin

Má tá eilimintí digiteacha ag do tháirge agus má shroicheann sé margadh an AE, is dócha go gcumhdaítear é; mura mbaineann dlí earnála (feistí leighis, mótarfheithiclí, eitlíocht shibhialta) le hábhar cheana féin.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar fáil ar an margadh, agus a n-áirítear leis an gcríoch a beartaíodh nó an úsáid atá intuartha le réasún dóibh nasc sonraí loighciúil nó fisiceach, bíodh an nasc sin díreach nó indíreach, le gléas nó le líonra.

2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí de chuid an Aontais seo a leanas maidir leo:

(a)

Rialachán (AE) 2017/745;

(b)

Rialachán (AE) 2017/746;

(c)

Rialachán (AE) 2019/2144.

3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.

4. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le trealamh a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).

5. Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a)

tá teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin; agus

(b)

leis na rialacha earnála, baintear amach an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde cosanta i gcomparáid leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trína shonrú cé acu atá nó nach bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh agus trí na táirgí agus na rialacha lena mbaineann a shonrú, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.

6. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le páirteanna spártha a chuirtear ar fáil ar an margadh chun comhpháirteanna comhionanna i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ionadú agus a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí céanna leis na comhpháirteanna a bhfuil sé beartaithe iad a ionadú.

7. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a forbraíodh nó a modhnaíodh go heisiach chun críoch slándála náisiúnta nó chun críoch cosanta náisiúnta, ná níl feidhm aige maidir le táirgí a dearadh go sonrach chun faisnéis rúnaicmithe a phróiseáil.

8. Ní bheidh sé i gceist leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo faisnéis a sholáthar, a bheadh ag teacht salach ar leasanna bunúsacha maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát dá nochtfaí í.

Article 3

Sainmhínithe

An foclóir

Sainmhíníonn Airteagal 3 na téarmaí a úsáidtear ar fud an Rialacháin; tagann ‘táirge a bhfuil eilimintí digiteacha aige’, ‘tréimhse tacaíochta’ agus ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ go léir as seo.

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh cianphróiseála sonraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá á gcur ar an margadh astu féin;

(2)

ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ próiseáil sonraí go cianda ar lena haghaidh a dhéanann an monaróir na bogearraí a dhearadh agus a fhorbairt, nó lena haghaidh a dhéantar iad a dhearadh agus a fhorbairt faoi fhreagracht an mhonaróra, i gcás ina gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;

(3)

ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881;

(4)

ciallaíonn ‘bogearraí’ an chuid sin de chóras faisnéise leictreonach ina bhfuil cód ríomhaireachta;

(5)

ciallaíonn ‘crua-earraí’ córas faisnéise leictreonach fisiceach, nó codanna de, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(6)

ciallaíonn ‘comhpháirt’ bogearraí nó crua-earraí atá beartaithe lena gcomhtháthú i gcóras faisnéise leictreonach;

(7)

ciallaíonn ‘córas faisnéise leictreonach’ córas, lena n-áirítear trealamh leictreach nó leictreonach, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(8)

ciallaíonn ‘nasc loighciúil’ léiriú fíorúil ar nasc sonraí a chuirtear chun feidhme trí chomhéadan bogearraí;

(9)

ciallaíonn ‘nasc fisiceach’ nasc idir córais faisnéise leictreonacha nó comhpháirteanna a chuirtear chun feidhme agus meáin fhisiceacha á n-úsáid, lena n-áirítear trí chomhéadain leictreacha, optúla nó mheicniúla, sreanga nó radathonnta;

(10)

ciallaíonn ‘nasc indíreach’ nasc le gléas nó le líonra, nach dtarlaíonn go díreach, ach mar chuid de chóras níos mó atá in-nasctha go díreach leis an ngléas nó leis an líonra sin;

(11)

ciallaíonn ‘críochphointe’ aon ghléas atá nasctha le líonra agus a fheidhmíonn mar phointe iontrála sa líonra sin;

(12)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhonarú nó táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(13)

ciallaíonn ‘monaróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann socrú chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht, chun airgead a shaothrú nó saor in aisce;

(14)

ciallaíonn ‘maor bogearraí foinse oscailte’ duine dlítheanach, seachas monaróir, a bhfuil sé de chríoch nó de chuspóir aige tacaíocht a sholáthar go córasach ar bhonn leanúnach chun táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt, ar táirgí iad a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte agus atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála, agus a áirithíonn inmharthanacht na dtáirgí sin;

(15)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(16)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, ar táirge é a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;

(17)

ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais gan difear a dhéanamh d’airíonna an táirge;

(18)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(19)

ciallaíonn ‘micrifhiontair’, ‘fiontair bheaga’ agus ‘fiontair mheánmhéide’, faoi seach, micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(20)

ciallaíonn ‘tréimhse thacaíochta’ an tréimhse ar lena linn a cheanglaítear ar mhonaróir a áirithiú go ndéantar leochaileachtaí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I;

(21)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(22)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

(23)

ciallaíonn ‘an chríoch a beartaíodh’ an úsáid a bheartaigh an monaróir le haghaidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, mar a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil;

(24)

ciallaíonn ‘úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid nach gá gurb í sin an chríoch a beartaíodh arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil, ach úsáid ar dócha go n-eascróidh sí as iompraíocht an duine nó as oibríochtaí nó idirghníomhaíochtaí teicniúla atá intuartha le réasún;

(25)

ciallaíonn ‘mí-úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó, ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine nó as idirghníomhaíocht le córais eile atá intuartha le réasún;

(26)

ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ an t-údarás náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh a mhéid a bhaineann le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu;

(27)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena bhfíoraítear ar comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(28)

ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(29)

ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú;

(30)

ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, arb athrú é a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, nó as a n-eascraíonn modhnú ar an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar ina leith atá measúnú déanta;

(31)

ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena dtugann monaróir le fios go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le reachtaíocht eile is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear do ghreamú na marcála;

(32)

ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ reachtaíocht an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith a chomhchuibhiú;

(33)

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás um fhaireachas margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(34)

ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(35)

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(36)

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(37)

ciallaíonn ‘riosca cibearshlándála’ an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus den dóchúlacht go dtarlóidh an teagmhas;

(38)

ciallaíonn ‘riosca suntasach cibearshlándála’ riosca cibearshlándála ar féidir glacadh leis, bunaithe ar a shaintréithe teicniúla, gur mór an dóchúlacht go mbeidh teagmhas ann dá bharr a bhféadfadh tionchar an-diúltach a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear caillteanas nó suaitheadh suntasach ábhartha nó neamhábhartha;

(39)

ciallaíonn ‘liosta ábhar bogearraí’ taifead foirmiúil ina gcoinnítear na mionsonraí agus na gaolmhaireachtaí slabhra soláthair a bhaineann leis na comhpháirteanna a áirítear in eilimintí bogearraí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(40)

ciallaíonn ‘leochaileacht’ laige, soghabháltacht nó fabht táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha is féidir a shaothrú le cibearbhagairt;

(41)

ciallaíonn ‘leochaileacht insaothraithe’ leochaileacht a bhfuil an poitéinseal ann ina leith go n-úsáidfeadh namhaid go héifeachtach í faoi dhálaí oibríochtúla praiticiúla;

(42)

ciallaíonn ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí mailíseach í a shaothrú i gcóras gan cead ó úinéir an chórais;

(43)

ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir(AE) 2022/2555;

(44)

ciallaíonn ‘teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ teagmhas a dhéanann difear diúltach, nó a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh, do chumas táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí nó feidhmeanna a chosaint;

(45)

ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5), de Threoir (AE) 2022/2555;

(46)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

(47)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(48)

ciallaíonn ‘saor-bhogearraí foinse oscailte’ bogearraí a bhfuil a gcód foinseach comhroinnte go hoscailte agus a chuirtear ar fáil faoi shaorcheadúnas foinse oscailte lena bhforáiltear do gach ceart chun é a dhéanamh inrochtana go héasca, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte;

(49)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(50)

ciallaíonn ‘tarraingt siar’ tarraingt siar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(51)

ciallaíonn ‘CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir’ CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de bhun Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555.

Article 4

Saorghluaiseacht

1. Ní chuirfidh na Ballstáit bac, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

2. Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar chur i láthair nó ar úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo, lena n-áirítear a fhréamhshamhlacha, ar choinníoll go gcuirtear an táirge i láthair le comhartha infheicthe a léiríonn go soiléir nach gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo agus nach bhfuil sé le cur ar fáil ar an margadh go dtí go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo.

3. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhogearraí neamhchríochnaithe nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh, ar choinníoll nach gcuirtear na bogearraí ar fáil ach ar feadh na tréimhse teoranta is gá chun críoch tástála le comhartha infheicthe lena léirítear go soiléir nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus nach mbeidh siad ar fáil ar an margadh chun críoch eile seachas tástáil.

4. Níl feidhm ag mír 3 maidir le comhpháirteanna sábháilteachta dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo.

Article 5

Soláthar nó úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Leis an Rialachán seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur faoi réir ceanglais bhreise chibearshlándála maidir le soláthar nó úsáid na dtáirgí sin chun críocha sonracha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na táirgí sin a sholáthar nó a úsáid chun críoch slándála nó cosanta náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais sin comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i ndlí an Aontais agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach chun na críocha sin a bhaint amach.

2. Gan dochar do Threoir 2014/24/AE agus do Threoir 2014/25/AE, i gcás ina soláthrófar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar comhlíonadh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear cumas na monaróirí leochaileachtaí a láimhseáil go héifeachtach, a chur san áireamh sa phróiseas soláthair.

Article 6

Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Ní dhéanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid i gceart faoi dhálaí is féidir a thuar le réasún, agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na nuashonruithe slándála is gá suiteáilte; agus

(b)

comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

Article 7

Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Measfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bheith ina dtáirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3). Ní fhágfaidh comhtháthú táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a chroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III as féin go mbeidh an táirge ina bhfuil sé comhtháite faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3).

2. Maidir le catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

déanann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhmeanna go príomha atá criticiúil do chibearshlándáil táirgí, líonraí nó seirbhísí eile, lena n-áirítear fíordheimhniú agus rochtain a dhaingniú, ionradh a chosc agus a bhrath, slándáil críochphointe nó cosaint líonra;

(b)

comhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhm lena mbaineann riosca suntasach go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ó thaobh a dhéine agus a chumais cur isteach ar líon mór táirgí eile, iad a rialú, nó damáiste a dhéanamh dóibh, nó mar gheall ar shláinte, slándáil nó sábháilteacht a úsáideoirí trí chúbláil dhíreach, amhail feidhm lárchórais, lena n-áirítear bainistiú líonra, rialú cumraíochta, fíorúlú nó próiseáil sonraí pearsanta.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn III a leasú trí chatagóir nua a áireamh laistigh de gach aicme de chatagóirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus trína sainiú a shonrú, catagóir táirgí a bhogadh ó aicme amháin go haicme eile nó catagóir atá ann cheana a tharraingt siar as an liosta sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú, déanfaidh an Coimisiún na feidhmiúlachtaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil nó an fheidhm agus leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a leagtar amach sna critéir dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i gcuntas.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, d’idirthréimhse íosta 12 mhí, go háirithe i gcás ina gcuirfear catagóir nua de tháirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haicme I nó le haicme II nó ina n-aistreofar í ó aicme I go dtí aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sula mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3), mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórfhorais phráinne.

4. Faoin 11 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar an tuairisc theicniúil ar na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi aicme I agus aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an tuairisc theicniúil ar na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Article 8

Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun a chinneadh cé na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus a gceanglófar orthu deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ar leibhéal dearbhúcháin ar a laghad ‘substaintiúil’ faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881, chun comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó codanna díobh a léiriú, ar choinníoll go nglacfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála lena gcumhdaítear na catagóirí táirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus go mbeidh sí ar fáil do mhonaróirí. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin an leibhéal dearbhúcháin is gá a bheidh comhréireach le leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfear i gcuntas iontu an chríoch a beartaíodh dóibh, lena n-áirítear an spleáchas criticiúil orthu ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555.

Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá beartaithe ar an margadh agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/881. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ullmhacht agus leibhéal acmhainne na mBallstát chun an scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála a chur chun feidhme. I gcás nár glacadh aon ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne.

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn IV a leasú trí chatagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur leis nó a tharraingt siar. Agus na catagóirí sin de tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an leibhéal dearbhúcháin is gá á gcinneadh aige, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear in Airteagal 7(2) i gcuntas agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil spleáchas criticiúil ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(b)

go bhféadfadh suaití tromchúiseacha do shlabhraí soláthair criticiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar theagmhais agus leochaileachtaí a shaothraítear a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú den chineál dá dtagraítear i mír 1.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne.

Article 9

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

1. Agus bearta á n-ullmhú aige chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha agus cuirfidh sé i gcuntas tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha, amhail údaráis ábhartha na mBallstát, gnóthais san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, pobal na mbogearraí foinse oscailte, comhlachais tomhaltóirí, acadóirí, agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais chomh maith le grúpaí saineolaithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí sin, ar bhealach struchtúrtha, i gcás inarb iomchuí, agus lorgóidh sé tuairimí na ngeallsealbhóirí sin le linn dó na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an treoraíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 a ullmhú;

(b)

tuairiscí teicniúla ar na catagóirí táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 7(4), an gá atá le nuashonruithe féideartha ar liosta na gcatagóirí de tháirgí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(2) a mheasúnú, nó an measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), gan dochar d’Airteagal 61;

(c)

tabhairt faoi obair ullmhúcháin chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2. Eagróidh an Coimisiún seisiúin thráthrialta comhairliúcháin agus faisnéise, uair sa bhliain ar a laghad, chun tuairimí na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Article 10

Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun freagairt do riachtanais gairmithe chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus ó ENISA, i gcás inarb iomchuí, agus freagracht na mBallstát i réimse an oideachais á hurramú go hiomlán acu, bearta agus straitéisí a chur chun cinn arb é is aidhm leo:

(a)

scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus uirlisí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a chruthú chun a áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte chun tacú le gníomhaíochtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta;

(b)

comhar a mhéadú idir an earnáil phríobháideach, oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí athsciliú nó uas-sciliú fostaithe monaróirí, tomhaltóirí, soláthraithe oiliúna chomh maith le riaracháin phoiblí, agus ar an gcaoi sin na roghanna a leathnú do dhaoine óga chun rochtain a fháil ar phoist in earnáil na cibearshlándála.

Article 11

Sábháilteacht ghinearálta táirgí

De mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/988, beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus Caibidlí IX go XI den Rialachán sin maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil le gnéithe agus rioscaí nó catagóirí rioscaí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo i gcás nach bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais shonracha sábháilteachta a leagtar síos i ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/988.

Article 12

Córais intleachta saorga ardriosca

1. Gan dochar do na ceanglais maidir le cruinneas agus stóinseacht a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1689, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 den Rialachán sin, measfar go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann na táirgí sin na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I;

(b)

comhlíonann na próisis a chuireann an monaróir ar bun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I; agus

(c)

léirítear baint amach leibhéal na cosanta cibearshlándála a cheanglaítear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1689 i ndearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo.

2. Maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2024/1689. Chun críocha an mheasúnaithe sin, i gcás comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá inniúil chun comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca faoi Rialachán (AE) 2024/1689 a rialú, beidh siad inniúil freisin chun comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a rialú, ar choinníoll go ndearnadh na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra a mheasúnú maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 den Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Rialachán (AE) 2024/1689.

3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, táirgí atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 32(2), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 32(3) den Rialachán seo agus táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, a gceanglófar orthu deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil de bhun Airteagal 8(1) den Rialachán seo, nó, ina éagmais sin, atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Rialachán seo, agus a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/1689, agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689 maidir leo, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

4. Féadfaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo páirt a ghlacadh sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1689.

Caibidil II

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA AGUS FORÁLACHA MAIDIR LE SAOR-BHOGEARRAÍ FOINSE OSCAILTE

Article 13

Oibleagáidí monaróirí

Croílár an Rialacháin

I gcás táirgeoirí is é seo an t-airteagal lárnach: measúnú riosca cibearshlándála, ceanglais Iarscríbhinn I, tréimhse tacaíochta shainithe, nuashonruithe slándála saor in aisce, agus teagmhálaí nochta leochaileachtaí foilsithe.

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, áiritheoidh siad go ndearnadh é a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I.

2. Chun mír 1 a chomhlíonadh, tabharfaidh monaróirí faoi mheasúnú ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe sin i gcuntas le linn chéimeanna pleanála, deartha, forbartha, táirgthe, seachadta agus cothabhála an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’fhonn na rioscaí cibearshlándála a laghdú, teagmhais a chosc agus an tionchar atá acu a mhaolú, lena n-áirítear a dtionchar i ndáil le sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí.

3. Déanfar an measúnú riosca cibearshlándála a dhoiciméadú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí le linn tréimhse thacaíochta a chinnfear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa mheasúnú riosca cibearshlándála sin ar a laghad anailís ar rioscaí cibearshlándála bunaithe ar an gcríoch a beartaíodh agus ar an úsáid atá intuartha le réasún, chomh maith le coinníollacha úsáide an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, amhail an timpeallacht oibríochtúil nó na sócmhainní atá le cosaint, agus an fad ama a mheastar go mbeidh an táirge in úsáid á chur i gcuntas. Léireofar sa mheasúnú riosca cibearshlándála an bhfuil na ceanglais slándála a leagtar amach i gCuid I, pointe (2), d’Iarscríbhinn I, infheidhme maidir leis an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus má tá, an chaoi a bhfuil siad, agus an chaoi a gcuirtear na ceanglais sin chun feidhme de réir na faisnéise atá sa mheasúnú riosca cibearshlándála. Léireofar ann freisin an chaoi a gcuirfidh an monaróir Cuid I, pointe (1), d’Iarscríbhinn I, agus na ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I i bhfeidhm.

4. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag an monaróir, cuirfidh sé an measúnú riosca cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh sa doiciméadacht theicniúil a cheanglaítear de bhun Airteagal 31 agus Iarscríbhinn VII. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 12, atá faoi réir gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais freisin, féadfaidh an measúnú riosca cibearshlándála a bheith mar chuid den mheasúnú riosca a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais. I gcás nach bhfuil ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha áirithe infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh an monaróir údar soiléir chuige sin san áireamh sa doiciméadacht theicniúil sin.

5. Chun mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh na monaróirí dícheall cuí a fheidhmiú agus comhpháirteanna a fhaigheann siad ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu ionas nach ndéanfaidh na comhpháirteanna sin cibearshlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur i mbaol, lena n-áirítear nuair a bheidh comhpháirteanna de shaor-bhogearraí foinse oscailte nár cuireadh ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála á gcomhtháthú.

6. Ar leochaileacht i gcomhpháirt a shainaithint do na monaróirí, lena n-áirítear leochaileacht i gcomhpháirt foinse oscailte, agus í comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tuairisceoidh siad an leochaileacht don duine nó don eintiteas a mhonaraíonn an chomhpháirt nó a bhfuil cothabháil á déanamh aige uirthi, agus tabharfaidh siad aghaidh ar an leochaileacht agus déanfaidh siad í a leigheas i gcomhréir leis na ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I. I gcás ina bhfuil modhnú bogearraí nó crua-earraí forbartha ag monaróirí chun aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht sa chomhpháirt sin, comhroinnfidh siad an cód nó an doiciméadacht ábhartha leis an duine nó leis an eintiteas a mhonaraíonn an chomhpháirt nó a bhfuil cothabháil á déanamh aige uirthi, i gcás inarb iomchuí i bhformáid mheaisín-inléite.

7. Déanfaidh na monaróirí doiciméadú córasach, ar bhealach atá comhréireach le cineál na rioscaí cibearshlándála, ar ghnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear leochaileachtaí a dtagann siad ar an eolas fúthu agus aon fhaisnéis ábhartha a chuireann tríú páirtithe ar fáil, agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh siad an measúnú riosca cibearshlándála ar na táirgí cothrom le dáta.

8. Áiritheoidh na monaróirí, agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh acu, agus ar feadh na tréimhse tacaíochta, go ndéanfar leochaileachtaí an táirge sin, lena n-áirítear a chomhpháirteanna, a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II, d’Iarscríbhinn I.

Déanfaidh na monaróirí cinneadh faoin tréimhse thacaíochta ionas go léireofar léi an fad ama a meastar go mbeidh an táirge in úsáid lena linn, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar ionchais réasúnta úsáideoirí, cineál an táirge, lena n-áirítear an chríoch a beartaíodh dó, chomh maith le dlí ábhartha an Aontais lena gcinntear saolré táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Agus an tréimhse thacaíochta á cinneadh ag na monaróirí, féadfaidh siad an méid seo a leanas a chur i gcuntas freisin: tréimhsí tacaíochta táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil acu arna gcur ar an margadh ag monaróirí eile, infhaighteacht na timpeallachta oibriúcháin, tréimhsí tacaíochta na gcomhpháirteanna comhtháite lena soláthraítear príomhfheidhmeanna agus a fhaightear ó thríú páirtithe, chomh maith le treoraíocht ábhartha arna soláthar ag an ngrúpa tiomnaithe um chomhar riaracháin (ADCO) arna bhunú de bhun Airteagal 52(15) agus ag an gCoimisiún. Na hábhair atá le cur i gcuntas chun an tréimhse thacaíochta a chinneadh, déanfar iad a mheas ar bhealach lena n-áirithítear comhréireacht ar bhealach lena n-áirithítear comhréireacht.

Gan dochar don dara fomhír, 5 bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse thacaíochta. I gcás ina meastar go mbeidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha in úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana, comhfhreagróidh an tréimhse thacaíochta don fhad ama a mheastar go mbeidh an táirge in úsáid.

Agus na moltaí ó ADCO dá dtagraítear in Airteagal 52(16) á gcur i gcuntas, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an íostréimhse thacaíochta a shonrú le haghaidh catagóirí sonracha táirgí i gcás ina dtugtar le fios leis na sonraí faireachais margaidh nach leor na tréimhsí tacaíochta.

Áireoidh na monaróirí an fhaisnéis a cuireadh i gcuntas chun tréimhse thacaíochta táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh sa doiciméadacht theicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag na monaróirí, lena n-áirítear beartais um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, dá dtagraítear i gCuid II, pointe (5), d’Iarscríbhinn I, chun leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna dtuairisciú ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, a phróiseáil agus a leigheas.

9. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh gach nuashonrú slándála, dá dtagraítear i gCuid II, pointe (8), d’Iarscríbhinn I, a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí le linn na tréimhse tacaíochta, fós ar fáil, tar éis é a eisiúint, go ceann 10 mbliana ar a laghad nó go ceann a bhfuil fágtha den tréimhse thacaíochta, cibé acu is faide.

10. I gcás inar chuir monaróir leaganacha de tháirge bogearraí arna modhnú go substaintiúil ina dhiaidh sin ar an margadh, féadfaidh an monaróir sin a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach i gCuid II, pointe (2), d’Iarscríbhinn I, don leagan is deireanaí a chuir an monaróir sin ar an margadh, agus don leagan sin amháin, ar choinníoll go mbeidh rochtain saor in aisce ag úsáideoirí na leaganacha a cuireadh ar an margadh roimhe sin ar an leagan is deireanaí a cuireadh ar an margadh agus nach dtabhóidh siad costais bhreise chun an timpeallacht crua-earraí agus bogearraí ina n-úsáideann siad an leagan bunaidh den táirge sin a choigeartú.

11. Féadfaidh na monaróirí cartlanna bogearraí poiblí a choinneáil ar bun lena gcuirfear feabhas ar rochtain úsáideoirí ar leaganacha roimhe sin. Sna cásanna sin, cuirfear úsáideoirí ar an eolas go soiléir ar bhealach atá inrochtana go héasca faoi na rioscaí a bhaineann le bogearraí gan tacaíocht a úsáid.

12. Sula gcuirfidh monaróirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31.

Cuirfidh siad na nósanna imeachta roghnaithe um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32 i gcrích nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích iad.

I gcás inar léiríodh, leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta sin, go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, agus go gcomhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 28 agus déanfaidh siad an mharcáil CE a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 30.

13. Déanfaidh na monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide.

14. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go bhfanfaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar cuid iad de shraith tháirgthe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfidh na monaróirí i gcuntas go leormhaith athruithe ar an bpróiseas forbartha agus táirgthe nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27 a ndearbhaítear comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha trí thagairt dóibh nó a bhfíoraítear a chomhréireacht trí iad a chur i bhfeidhm.

15. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir nó gné eile lenar féidir iad a shainaithint ar a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, go soláthrófar an fhaisnéis sin ar a bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

16. Déanfaidh na monaróirí ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, agus an seoladh poist, seoladh ríomhphoist nó sonraí teagmhála digiteacha eile, agus, i gcás inarb infheidhme, an suíomh gréasáin ar ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir, a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Áireofar an fhaisnéis sin freisin san fhaisnéis agus sna treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

17. Chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh na monaróirí pointe teagmhála aonair chun go mbeidh úsáideoirí in ann cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go pras, lena n-áirítear chun tuairisciú ar leochaileachtaí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a éascú.

Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an pointe teagmhála aonair so-aitheanta ag na húsáideoirí. Áireoidh siad freisin an pointe teagmhála aonair san fhaisnéis agus sna treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Leis an bpointe teagmhála aonair, ligfear d’úsáideoirí na modhanna cumarsáide is fearr leo a roghnú agus ní bheidh siad teoranta d’uirlisí uathoibrithe.

18. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, ag gabháil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Soláthrófar an fhaisnéis agus na treoracha sin i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca. Beidh siad soiléir, intuigthe agus inléite. Ceadófar leo na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shuiteáil, a oibriú agus a úsáid ar bhealach slán. Déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir a leagtar amach in Iarscríbhinn II a choinneáil ar fáil d’úsáideoirí agus d’údaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide. I gcás ina gcuirfear an fhaisnéis agus na treoracha sin ar fáil ar líne, áiritheoidh monaróirí go mbeidh siad inrochtana, soláimhsithe agus ar fáil ar líne go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide.

19. Áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar dáta deiridh na tréimhse tacaíochta dá dtagraítear i mír 8, lena n-áirítear ar a laghad an mhí agus an bhliain, a shonrú go soiléir sothuigthe tráth an cheannaigh ar bhealach atá inrochtana go héasca agus, i gcás inarb infheidhme, ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a phacáistíocht nó trí mhodhanna digiteacha.

I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil i bhfianaise chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na monaróirí fógra ar taispeáint d’úsáideoirí ina gcuirfear in iúl dóibh gur shroich a dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha deireadh a thréimhse tacaíochta.

20. Soláthróidh na monaróirí cóip de dhearbhú comhréireachta AE nó dearbhú comhréireachta simplithe de chuid AE leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina soláthraítear dearbhú comhréireachta simplithe de chuid AE, áireofar ann an seoladh idirlín beacht ag ar féidir rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE ina iomláine.

21. Ón uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus go ceann na tréimhse tacaíochta, monaróirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil cúis acu lena cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó próisis an mhonaróra a thabhairt chun comhréireachta, nó chun an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

22. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh na monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile don údarás sin, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach agus i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Oibreoidh na monaróirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar an margadh acu.

23. Monaróir a scoireann dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh, cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir, úsáideoirí na dtáirgí ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna gcur ar an margadh, ar an eolas faoin scor oibríochtaí atá le teacht, sula dtiocfaidh an scor oibríochtaí sin i bhfeidhm.

24. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena gcuirtear caighdeáin agus dea-chleachtais Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcuntas, formáid agus eilimintí an liosta ábhar bogearraí dá dtagraítear i gCuid II, pointe (1), d’Iarscríbhinn I, a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

25. Chun measúnú a dhéanamh ar spleáchas na mBallstát agus an Aontais ina n-iomláine ar chomhpháirteanna bogearraí agus go háirithe ar chomhpháirteanna a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte, féadfaidh ADCO a chinneadh measúnú spleáchais ar fud an Aontais a dhéanamh ar chatagóirí sonracha táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Chun na críche sin, féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar mhonaróirí na gcatagóirí sin táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha na liostaí ábhar bogearraí ábhartha dá dtagraítear i gCuid II, pointe (1), d’Iarscríbhinn I, a sholáthar. Ar bhonn na faisnéise sin, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis anaithnidithe chomhiomlánaithe faoi spleáchais ar bhogearraí a sholáthar do ADCO. Cuirfidh ADCO tuarascáil maidir le torthaí an mheasúnaithe spleáchais faoi bhráid an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555.

Article 14

Oibleagáidí tuairiscithe monaróirí

An clog 24u / 72u / 14 lá

Caithfear leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú do ENISA agus don CSIRT náisiúnta; réamhrabhadh laistigh de 24 uair an chloig. Baineann na hoibleagáidí seo le hábhar ón 11 Meán Fómhair 2026.

1. Déanfaidh monaróir fógra a thabhairt, an tráth céanna, don CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus do ENISA faoi aon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach atá sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, faoina dtagann sé ar an eolas. Tabharfaidh an monaróir fógra faoin leochaileacht sin a shaothraítear go gníomhach tríd an ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16.

2. Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:

(a)

fógra luathrabhaidh faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas fúithi, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;

(b)

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra leochaileachta, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoin táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál ginearálta an tsaothraithe agus na leochaileachta lena mbaineann chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;

(c)

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis beart ceartaitheach nó maolaitheach a bheith ar fáil, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

tuairisc ar an leochaileacht, lena n-áirítear a déine agus a tionchar;

(ii)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis maidir le haon ghníomhaí mailíseach a shaothraigh nó a shaothraíonn an leochaileacht;

(iii)

mionsonraí faoin nuashonrú slándála nó faoi bhearta ceartaitheacha eile a cuireadh ar fáil chun an leochaileacht a leigheas.

3. Déanfaidh monaróir fógra a thabhairt, ag tráth céanna, don CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus do ENISA faoi aon teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, faoina dtagann sé ar an eolas. Tabharfaidh an monaróir fógra faoin teagmhas sin tríd an ardán tuairiscithe aonair arna bhunú de bhun Airteagal 16.

4. Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:

(a)

fógra luathrabhaidh faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoi, lena n-áirítear ar a laghad an bhfuil amhras ann gur ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;

(b)

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra teagmhais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin teagmhas, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoi chineál an teagmhais, measúnú tosaigh ar an teagmhas, chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;

(c)

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra teagmhais a chur isteach faoi phointe (b), ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii)

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sí an teagmhas;

(iii)

bearta maolaitheacha arna gcur i bhfeidhm agus bearta maolaitheacha leanúnacha.

5. Chun críocha mhír 3, measfar teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith tromchúiseach sna cásanna seo a leanas:

(a)

déanann sé difear diúltach, nó d’fhéadfadh sé difear diúltach a dhéanamh, do chumas táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí nó feidhmeanna íogaire nó tábhachtacha a chosaint; nó

(b)

tugadh isteach cód mailíseach nó rinneadh é a fhorghníomhú i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó i gcórais líonraí agus faisnéise úsáideoir an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dheasca, nó d’fheadfadh an méid sin teacht as.

6. I gcás inar gá, féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús a iarraidh ar mhonaróirí tuarascáil idirmheánach a sholáthar maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas na leochaileachta a shaothraítear go gníomhach nó an teagmhais thromchúisigh a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

7. Cuirfear na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo isteach tríd an ardán tuairiscithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 16 agus úsáid á baint as ceann de na críochphointí fógartha leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 16(1). Cuirfear an fógra isteach trí úsáid a bhaint as críochphointe fógartha leictreonach an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de chuid an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht na monaróirí san Aontas agus beidh rochtain ag ENISA air an tráth céanna.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le cibearshlándáil a tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha den chuid is mó atá príomhbhunaíocht mhonaróra san Aontas. Mura féidir an Ballstát sin a chinneadh, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag an monaróir lena mbaineann.

I gcás nach bhfuil aon phríomhbhunaíocht ag monaróir san Aontas, cuirfidh sé na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 isteach trí úsáid a bhaint as críochphointe fógartha leictreonach an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir sa Bhallstát arna chinneadh de bhun an oird seo a leanas agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don mhonaróir:

(a)

an Ballstát ina bhfuil an t-ionadaí údaraithe, atá ag gníomhú thar ceann an mhonaróra don líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin, bunaithe;

(b)

an Ballstát ina bhfuil an t-allmhaireoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar an margadh, bunaithe;

(c)

an Ballstát ina bhfuil an dáileoir, a chuireann an líon is airde táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin ar fáil ar an margadh, bunaithe;

(d)

an Ballstát ina bhfuil an líon is airde úsáideoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha de chuid an mhonaróra sin lonnaithe.

I ndáil leis an tríú fomhír, pointe (d), féadfaidh monaróir fógraí a bhaineann le haon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach nó le haon teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina dhiaidh sin a chur faoi bhráid an CSIRT céanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thuairiscigh sé dó den chéad uair.

8. Tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach nó faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéantar difear dóibh, agus i gcás inarb iomchuí na húsáideoirí uile, ar an eolas faoin leochaileacht nó faoin teagmhas sin agus, i gcás inar gá, faoi aon bheart maolaithe riosca agus ceartaitheach is féidir leis na húsáideoirí a úsáid chun tionchar na leochaileachta nó an teagmhais sin a mhaolú, i gcás inarb iomchuí i bhformáid struchtúrtha mheaisín-inléite is féidir a phróiseáil go héasca agus go huathoibríoch. I gcás ina mainníonn an monaróir úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an eolas go tráthúil, féadfaidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí dá dtugtar fógra an fhaisnéis sin a sholáthar do na húsáideoirí nuair a mheasfar í a bheith comhréireach agus riachtanach chun tionchar na leochaileachta nó an teagmhais sin a chosc nó a mhaolú.

9. Faoin 11 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 den Rialachán seo chun é a fhorlíonadh trí na téarmaí agus na coinníollacha a shonrú le haghaidh na forais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh fógraí dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le gréasán CSIRTanna arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555 agus le ENISA agus na dréachtghníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige.

10. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid agus nósanna imeachta na bhfógraí dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagail 15 agus 16 a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2). Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le gréasán CSIRTanna agus le ENISA agus na dréachtghníomhartha cur chun feidhme sin á n-ullmhú aige.

Article 15

Tuairisciú deonach

1. Féadfaidh na monaróirí chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile fógra a thabhairt ar bhonn deonach do CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó do ENISA faoi aon leochaileacht atá i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus faoi chibearbhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phróifíl riosca táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2. Féadfaidh na monaróirí chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile fógra a thabhairt ar bhonn deonach do CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó do ENISA faoi aon teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus faoi neasteagmhais a bhféadfadh teagmhas den sórt sin a bheith mar thoradh orthu.

3. Déanfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó ENISA na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a phróiseáil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16.

Féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir tosaíocht a thabhairt do phróiseáil fógraí éigeantacha roimh phróiseáil fógraí deonacha.

4. I gcás ina dtugann duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an monaróir fógra faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach nó faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le mír 1 nó 2, cuirfidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir an monaróir ar an eolas gan moill mhíchuí.

5. Áiritheoidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí mar aon le ENISA rúndacht agus cosaint iomchuí na faisnéise arna soláthar ag duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann fógra. Gan dochar do chionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, ní bheidh mar thoradh ar an tuairisciú deonach go ndéanfar aon oibleagáid bhreise a fhorchur ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach a thugann fógra, arb oibleagáidí iad nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra curtha isteach aige.

Article 16

Ardán tuairiscithe aonair a bhunú

1. Chun críocha na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (3) agus in Airteagal 15(1) agus (2) agus chun na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar mhonaróirí a shimpliú, bunóidh ENISA ardán tuairiscithe aonair. Déanfaidh ENISA oibríochtaí laethúla an ardáin tuairiscithe aonair sin a bhainistiú agus a choinneáil ar bun. Le hollstruchtúr an ardáin tuairiscithe aonair, cuirfear ar chumas na mBallstát agus ENISA críochphointí fógartha leictreonacha dá gcuid féin a chur i bhfeidhm.

2. Tar éis dó fógra a fháil, déanfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús an fógra a scaipeadh tríd an ardán tuairiscithe aonair, gan mhoill, ar na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí a bhfuil sé tugtha le fios ag an monaróir ina leith gur cuireadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch.

In imthosca eisceachtúla agus, go háirithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus i bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise faoina dtugtar fógra mar atá léirithe ag an monaróir faoi Airteagal 14(2), pointe (a), den Rialachán seo, féadfar moill a chur ar scaipeadh an fhógra, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse a bhfuil géarghá léi, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil leochaileacht faoi réir nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina gcinneann CSIRT fógra a choinneáil siar, cuirfidh sé ENISA ar an eolas láithreach faoin gcinneadh agus tabharfaidh sé údar leis an bhfógra a choinneáil siar chomh maith le léiriú ar cathain a scaipfidh sé an fógra i gcomhréir leis an nós imeachta scaipthe a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh ENISA tacú leis an CSIRT ar fhorais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh an fhógra.

In imthosca fíoreisceachtúla, i gcás ina léiríonn an monaróir san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (b):

(a)

gur shaothraigh gníomhaí mailíseach an leochaileacht faoina dtugtar fógra go gníomhach agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, nár saothraíodh í in aon Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thug an monaróir fógra faoin leochaileacht dó;

(b)

gur dócha go mbeadh soláthar faisnéise mar thoradh ar scaipeadh breise láithreach na leochaileachta faoina dtugtar fógra, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin; nó

(c)

go bhfuil gar-riosca ard cibearshlándála ag baint leis an leochaileacht faoina dtugtar fógra, ar riosca é a eascraíonn as an scaipeadh breise;

ní dhéanfar ach an fhaisnéis go ndearna an monaróir fógra a thabhairt, an fhaisnéis ghinearálta faoin táirge, an fhaisnéis faoi chineál ginearálta an tsaothraithe agus an fhaisnéis gur tugadh an fógra ar bhonn forais slándála, a chur ar fáil an tráth céanna do ENISA go dtí go scaipfear an fógra ina iomláine ar na CSIRTanna lena mbaineann agus ar ENISA. I gcás ina measann ENISA, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, go bhfuil riosca sistéamach ann a dhéanann difear don tslándáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don CSIRT fála an fógra ina iomláine a scaipeadh ar na CSIRTanna eile atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus ar ENISA féin.

3. Tar éis fógra a fháil faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí an fhaisnéis faoina dtugtar fógra a sholáthar d’údaráis um fhaireachas margaidh a mBallstáit faoi seach, ar faisnéis í is gá chun go bhféadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4. Déanfaidh ENISA bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le slándáil an ardáin tuairiscithe aonair agus na faisnéise a chuirtear isteach nó a scaiptear tríd an ardán tuairiscithe aonair. Tabharfaidh sé fógra gan moill mhíchuí faoi aon teagmhas slándála a dhéanann difear don ardán tuairiscithe aonair do ghréasán CSIRTanna agus don Choimisiún.

5. Déanfaidh ENISA, i gcomhar le gréasán CSIRTanna, sonraíochtaí a sholáthar agus a chur chun feidhme maidir leis na bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla a bhaineann le bunú, cothabháil agus oibriú slán an ardáin tuairiscithe aonair dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear ar a laghad na socruithe slándála a bhaineann le bunú, oibriú agus cothabháil an ardáin tuairiscithe aonair, chomh maith leis na críochphointí fógartha leictreonacha arna gcur ar bun ag na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí ar an leibhéal náisiúnta agus ag ENISA ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear gnéithe nós imeachta chun a áirithiú, i gcás nach mbeidh aon bheart ceartaitheach nó maolaitheach ar fáil do leochaileacht faoina dtugtar fógra, go gcomhroinnfear faisnéis faoin leochaileacht sin i gcomhréir le prótacail dhiana slándála agus ar bhonn riachtanas eolais.

6. I gcás inar cuireadh CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar an eolas faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach mar chuid de nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555, féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús moill a chur ar scaipeadh an fhógra ábhartha tríd an ardán tuairiscithe aonair, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá agus go dtí go dtabharfaidh na páirtithe a bhfuil baint acu le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a dtoiliú. Leis an gceanglas sin, ní chuirfear cosc ar mhonaróirí fógra a thabhairt faoi leochaileacht den sórt sin ar bhonn deonach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.

Article 17

Forálacha eile a bhaineann le tuairisciú

1. Féadfaidh ENISA faisnéis faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 14(1) agus (3) agus Airteagal 15(1) agus (2) den Rialachán seo a chur faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála ar mhórscála ar an leibhéal oibríochtúil. Chun an ábharthacht sin a chinneadh, féadfaidh ENISA anailísí teicniúla arna ndéanamh ag gréasán CSIRTanna a mheas, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

2. I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chosc nó a mhaolú nó chun teagmhas leanúnach a láimhseáil, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leasa an phobail ar shlí eile, féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de chuid an Bhallstáit ábhartha, tar éis dó dul i gcomhairle leis an monaróir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le ENISA, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an monaróir déanamh amhlaidh.

3. Gach 24 mhí, ullmhóidh ENISA, ar bhonn na bhfógraí atá faighte aige de bhun Airteagal 14(1) agus (3) agus Airteagal 15(1) agus (2) den Rialachán seo, tuarascáil theicniúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(1) agus (3). Déanfaidh ENISA faisnéis ábhartha óna thuarascálacha teicniúla a áireamh ina thuarascáil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

4. Trí fhógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 14(1) agus (3) nó Airteagal 15(1) agus (2), ní chuirfear duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann fógra faoi dhliteanas méadaithe.

5. Tar éis nuashonrú slándála nó cineál eile birt cheartaithigh nó mhaolaithigh a bheith ar fáil, déanfaidh ENISA, i gcomhaontú le monaróir an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an leochaileacht a bhfuiltear ar an eolas fúithi go poiblí agus faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 14(1) nó Airteagal 15(1) den Rialachán seo a chur leis an mbunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555.

6. Soláthróidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí tacaíocht ón deasc chabhrach i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 do mhonaróirí agus go háirithe do mhonaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide.

Article 18

Ionadaithe údaraithe

1. Féadfaidh monaróir, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

2. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 13(1) go (11), Airteagal 13(12), an chéad fhomhír, agus Airteagal 13(14) ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

3. Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 28 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31 a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide;

(b)

ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a sholáthar don údarás sin, a bhfuil gá leo chun comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Article 19

Oibleagáidí allmhaireoirí

1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, agus i gcás ina gcomhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

2. Sula gcuirfidh siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, áiritheoidh na hallmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

tá na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32 curtha i gcrích ag an monaróir;

(b)

tá an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir;

(c)

tá an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 30 ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus tá dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20) agus an fhaisnéis agus na treoracha don úsáideoir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II ag gabháil leis i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca;

(d)

chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(15), (16) agus (19).

Chun críocha na míre seo, beidh allmhaireoirí in ann na doiciméid is gá a sholáthar lena gcruthaítear gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

3. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige lena cheapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go dtabharfar an táirge sin nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir chun comhréireachta leis an Rialachán seo. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

I gcás ina bhfuil cúis ag an allmhaireoir lena cheapadh go bhféadfadh riosca suntasach cibearshlándála a bheith ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios do na húdaráis um fhaireachas margaidh. Tar éis dóibh an fhaisnéis sin a fháil, leanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

4. Déanfaidh na hallmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist, seoladh ríomhphoist nó sonraí teagmhála digiteacha eile, agus, i gcás inarb infheidhme, an suíomh gréasáin ar ar féidir dul i dteagmháil leo, a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

5. Maidir le hallmhaireoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil cúis acu lena cheapadh, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun a áirithiú go dtabharfar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun comhréireachta leis an Rialachán seo, nó chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, más iomchuí.

Ar theacht ar an eolas dóibh faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na hallmhaireoirí an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na hallmhaireoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach arna dhéanamh.

6. Déanfaidh na hallmhaireoirí, go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó go ceann na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide, cóip de dhearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

7. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh na hallmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn I, agus go bhfuil na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I freisin, agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar an margadh acu.

8. I gcás ina dtugann allmhaireoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna gcur ar an margadh ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Article 20

Oibleagáidí dáileoirí

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

2. Sula gcuirfidh dáileoirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

tá an mharcáil CE ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(b)

chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 13(15), (16), (18), (19) agus (20) agus Airteagal 19(4), agus rinne siad na doiciméid uile is gá a sholáthar don dáileoir.

3. I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige lena cheapadh, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an táirge sin nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir chun comhréireachta leis an Rialachán seo. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an dáileoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh gan moill mhíchuí.

4. Dáileoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil cúis acu lena cheapadh, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar fáil ar an margadh acu nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir a thabhairt chun comhréireachta, nó chun an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí.

Ar theacht ar an eolas dóibh faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na dáileoirí an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na dáileoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach arna dhéanamh.

5. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh na dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar fáil ar an margadh acu.

6. I gcás ina dtugann dáileoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh aige, gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an dáileoir an méid sin le fios do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna gcur ar an margadh ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Article 21

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir leis na hallmhaireoirí agus na dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir Airteagail 13 agus 14, i gcás ina gcuireann an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc nó i gcás ina ndéanann sé modhnú substaintiúil ar tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh cheana.

Article 22

Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí

1. Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuireann an táirge ar fáil ar an margadh, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo.

2. Beidh an duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 maidir leis an gcuid den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann an modhnú substaintiúil difear di nó, má tá tionchar ag an modhnú substaintiúil ar chibearshlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina iomláine, maidir leis an táirge iomlán.

Article 23

Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

1. Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)

ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dóibh;

(b)

i gcás ina bhfuil fáil orthu, ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dó.

2. Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.

Article 24

Oibleagáidí maor bogearraí foinse oscailte

1. Déanfaidh maoir bogearraí foinse oscailte beartas cibearshlándála a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú ar bhealach infhíoraithe chun forbairt táirge shláin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chothú chomh maith le láimhseáil éifeachtach leochaileachtaí ag forbróirí an táirge sin. Leis an mbeartas sin, cothófar tuairisciú deonach ar leochaileachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 15 ag forbróirí an táirge sin agus cuirfear i gcuntas ann cineál sonrach an mhaoir bogearraí foinse oscailte agus na socruithe dlíthiúla agus eagraíochtúla a bhfuil sé faoina réir. Áireofar sa bheartas sin, go háirithe, gnéithe a bhaineann le leochaileachtaí a dhoiciméadú, aghaidh a thabhairt orthu agus iad a leigheas, agus comhroinnt faisnéise maidir le leochaileachtaí a aimsítear laistigh den phobal foinse oscailte a chur chun cinn.

2. Oibreoidh maoir bogearraí foinse oscailte i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, d’fhonn na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte a mhaolú.

Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, soláthróidh maoir bogearraí foinse oscailte an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 don údarás sin, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach agus i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca.

3. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(1) maidir le maoir bogearraí foinse oscailte a mhéid atá baint acu le forbairt na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(3) agus (8) maidir le maoir bogearraí foinse oscailte a mhéid a dhéanann teagmhais thromchúiseacha a bhfuil tionchar acu ar shlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha difear do chórais líonraí agus faisnéise arna soláthar ag maoir bogearraí foinse oscailte chun na táirgí sin a fhorbairt.

Article 25

Fianú slándála saor-bhogearraí foinse oscailte

Chun an oibleagáid maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Airteagal 13(5) a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le monaróirí a chomhtháthaíonn comhpháirteanna saor-bhogearraí foinse oscailte ina dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir dheonacha um fhianú slándála a bhunú lena gceadófar d’fhorbróirí nó d’úsáideoirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte chomh maith le tríú páirtithe eile measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha uile nó le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha áirithe nó le hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo.

Article 26

Treoraíocht

1. Chun cur chun feidhme a éascú agus comhsheasmhacht an chur chun feidhme sin a áirithiú, foilseoidh an Coimisiún treoraíocht chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus béim ar leith á leagan ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a éascú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

2. I gcás ina bhfuil sé ar intinn aige treoraíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

raon feidhme an Rialacháin seo, agus béim ar leith á leagan ar réitigh cianphróiseála sonraí agus ar shaor-bhogearraí foinse oscailte;

(b)

cur i bhfeidhm tréimhsí tacaíochta i ndáil le catagóirí áirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(c)

treoraíocht atá dírithe ar mhonaróirí atá faoi réir an Rialacháin seo agus faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo freisin nó faoi réir gníomhartha dlí gaolmhara eile de chuid an Aontais;

(d)

coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil.

Déanfaidh an Coimisiún liosta de na gníomhartha tarmligthe agus de na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ar liosta é a bhfuil rochtain éasca air, a choinneáil ar bun freisin.

3. Agus an treoraíocht á hullmhú aige de bhun an Airteagail seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.

Caibidil III

COMHRÉIREACHT AN TÁIRGE AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA

Article 27

Toimhde chomhréireachta

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus iarrataí ar chaighdeánú le haghaidh an Rialacháin seo á hullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil atá ann cheana agus atá i bhfeidhm nó atá á bhforbairt a chur i gcuntas chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a shimpliú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, ar ceanglais iad le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus:

(i)

níor glacadh leis an iarraidh;

(ii)

ní dhéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den sprioc-am a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

ní chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

3. Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo.

4. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha i gcuntas agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir, ar nithe iad atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna mbunú leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

6. I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina moltar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha chéanna agus a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

7. I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

8. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir ar eisíodh ráiteas comhréireachta de chuid AE nó deimhniú ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an ráiteas comhréireachta de chuid AE nó leis an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó le codanna díobh.

9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a shonrú, ar scéimeanna iad is féidir a úsáid chun a léiriú go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha nó le codanna díobh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Thairis sin, le heisiúint deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála arna eisiúint faoi na scéimeanna sin, ag a bhfuil leibhéal dearbhúcháin ‘substaintiúil’ ar a laghad, cuirtear deireadh le hoibleagáid mhonaróra measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar na ceanglais chomhfhreagracha, mar a leagtar amach in Airteagal 32(2), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 32(3), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo.

Article 28

Dearbhú comhréireachta de chuid AE

1. Déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 13(12) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2. Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V a bheidh ag dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.

Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bheidh ag an leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20). Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.

3. I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh dlí amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a dhréachtú i leith gach gnímh dlí de chuid an Aontais den chineál sin. Beidh sainaithint na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

4. Trí dhearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíochta a chur i gcuntas.

Article 29

Prionsabail ghinearálta na marcála CE

Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Article 30

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú

1. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, greamófar í den phacáistíocht agus de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 28 a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i bhfoirm bogearraí, greamófar an mharcáil CE de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 28 nó beidh sí ar an suíomh gréasáin a ghabhann leis an táirge bogearraí. Sa chás deireanach sin, beidh rochtain éasca agus dhíreach ag tomhaltóirí ar an roinn ábhartha den suíomh gréasáin.

2. Mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh airde na marcála CE a ghreamaítear den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith níos ísle ná 5 mm, ar choinníoll go mbeidh sí fós infheicthe agus inléite.

3. Greamófar an mharcáil CE den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula gcuirfear ar an margadh é. Féadfar picteagram nó aon mharc eile lena léirítear riosca cibearshlándála nó úsáid ar leith a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 a chur i ndiaidh na marcála CE.

4. I ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, i gcás ina bhfuil baint ag an gcomhlacht sin leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) dá dtagraítear in Airteagal 32.

Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.

5. Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart an córas lena rialaítear an mharcáil CE agus déanfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin. I gcás ina bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, seachas an Rialachán seo, lena ndéantar foráil freisin maidir leis an marcáil CE a ghreamú, tabharfar le fios ar an marcáil CE go gcomhlíonann an táirge freisin ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú.

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh lipéad, picteagram nó aon mharcanna eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena dtréimhsí tacaíochta mar aon le sásraí chun a n-úsáid a chur chun cinn agus chun feasacht phoiblí faoi shlándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéadú. Agus dréachtghníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, agus, más rud é go bhfuil sé bunaithe cheana de bhun Airteagal 52(15), ADCO. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Article 31

Doiciméadacht theicniúil

1. Áireofar sa doiciméadacht theicniúil na sonraí nó na mionsonraí ábhartha uile maidir leis na modhanna a úsáideann an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII inti.

2. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a dhréachtú sula gcuirfear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, i gcás inarb iomchuí, le linn na tréimhse tacaíochta ar a laghad.

3. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 12 atá faoi réir ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais freisin lena bhforáiltear do dhoiciméadacht theicniúil, déanfar tacar aonair doiciméadachta teicniúla a dhréachtú ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.

4. Déanfar an doiciméadacht theicniúil agus an comhfhreagras a bhaineann le haon nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhréachtú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur leis atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII chun forbairtí teicneolaíocha, chomh maith le forbairtí a tháinig chun cinn i bpróiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i gcuntas. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun a áirithiú go mbeidh an t-ualach riaracháin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide comhréireach.

Article 32

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Léireoidh an monaróir comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha trí úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(c)

measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó

(d)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 27(9).

2. I gcás, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh táirge thábhachtaigh ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus ar chomhlíonadh na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag monaróir an táirge leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ar leibhéal dearbhúcháin ‘substainteach’ ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 27, curtha i bhfeidhm ag an monaróir, nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm ach i bpáirt aige, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, déanfar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha sin, a chur faoi bhráid ceachtar de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó

(b)

measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

3. I gcás inar táirge tábhachtach é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, léireoidh an monaróir comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; nó

(c)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 27(9) den Rialachán seo ar leibhéal dearbhúcháin ‘substaintiúil’ ar a laghad de bhun Rialachán (AE) 2019/881.

4. Léireoidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 8(1); nó

(b)

i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 8(1), aon cheann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5. Beidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cháilíonn mar shaor-bhogearraí foinse oscailte, a thagann faoi na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ábalta comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a léiriú trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcuirfear an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31 ar fáil don phobal tráth a chuirfear na táirgí sin ar an margadh.

6. Déanfar leasanna sonracha agus riachtanais shonracha micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a chur i gcuntas agus táillí na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta á socrú agus laghdófar na táillí sin i gcomhréir lena leasanna sonracha agus lena riachtanais shonracha.

Article 33

Bearta tacaíochta i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta

1. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí seo a leanas, atá saincheaptha do riachtanais na micrifhiontar agus na bhfiontar beag:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

bealach tiomnaithe a leagan síos chun cumarsáid a dhéanamh le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus, de réir mar is iomchuí, le húdaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus chun freagairt d’fhiosrúcháin faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo;

(c)

tacú le gníomhaíochtaí tástála agus gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

2. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, boscaí gainimh rialála um chibear-athléimneacht a bhunú. Déanfar foráil sna boscaí gainimh rialála sin do thimpeallachtaí tástála rialaithe le haghaidh táirgí nuálacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a bhforbairt, a ndearadh, a mbailíochtú agus a dtástáil a éascú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ar feadh tréimhse theoranta ama sula gcuirtear ar an margadh iad. Féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ENISA, tacaíocht theicniúil, comhairle agus uirlisí a sholáthar chun boscaí gainimh rialála a bhunú agus a oibriú. Déanfar na boscaí gainimh rialála a chur ar bun faoi mhaoirseacht dhíreach na n-údarás um fhaireachas margaidh agus le treoraíocht agus tacaíocht ó na húdaráis sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na húdaráis um fhaireachas margaidh eile ar an eolas maidir le bosca gainimh rialála a bhunú trí ADCO. Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit rochtain oscailte, chothrom agus thrédhearcach ar bhoscaí gainimh rialála, agus go háirithe déanfaidh siad rochtain ag micrifhiontair agus fiontair bheaga a éascú, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

3. I gcomhréir le hAirteagal 26, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

4. Fógróidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais atá ar fáil i gcreat rialála chláir an Aontais atá ann cheana, go háirithe chun an t-ualach airgeadais ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga a mhaolú.

5. Féadfaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga eilimintí uile na doiciméadachta teicniúla a shonraítear in Iarscríbhinn VII a sholáthar trí úsáid a bhaint as formáid shimplithe. Chun na críche sin, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil atá dírithe ar riachtanais micrifhiontar agus fiontar beag, lena n-áirítear conas atá na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII le soláthar. I gcás ina roghnaíonn micrifhiontar nó fiontar beag an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críoch measúnaithe comhréireachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Article 34

Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach

Agus leibhéal na forbartha teicniúla agus an cur chuige maidir le measúnú comhréireachta tríú tír á gcur i gcuntas, féadfaidh an tAontas Comhaontuithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, ar mhaithe le trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a éascú.

Caibidil IV

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Article 35

Fógra a thabhairt

1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí a údaraítear chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú, faoin 11 Nollaig 2026, go bhfuil líon leordhóthanach comhlachtaí faoina dtugtar fógra san Aontas chun measúnuithe comhréireachta a dhéanamh, chun scrogaill agus bacainní ar iontráil sa mhargadh a sheachaint.

Article 36

Na húdaráis a thugann fógra

1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chun iad a ainmniú agus chun fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear Airteagal 41 a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin a dhéanfaidh an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.

3. I gcás ina ndéanann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chuig comhlacht nach eintiteas rialtais é nó a chur ar iontaoibh an chomhlachta sin, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach agus comhlíonfaidh sé, mutatis mutandis, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37. Sa bhreis air sin, beidh socruithe i bhfeidhm aige chun dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí a chumhdach.

4. Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Article 37

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1. Déanfar údarás a thugann fógra a bhunú ar bhealach nach dtarlóidh aon choinbhleacht leasa leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2. Déanfar údarás a thugann fógra a eagrú agus a fheidhmiú ionas go ndéanfar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí a choimirciú.

3. Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4. Ní dhéanfaidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí sainchomhairleoireachta ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch a thairiscint ná a sholáthar.

5. Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a chosaint.

6. Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Article 38

An oibleagáid faisnéise atá ar údaráis a thugann fógra

1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt faoi na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú a dhéanfar ina leith sin.

2. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí.

Article 39

Na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Chun fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.

2. Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí den sórt sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis.

4. Ní dearthóir, forbróir, monaróir, soláthróir, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí údaraithe ar aon pháirtí de na páirtithe sin, a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, in ardbhainistíocht an chomhlachta sin ná sa phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní choiscfear leis sin an úsáid a bhaintear as táirgí a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid na dtáirgí sin chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, a ardbhainistíocht agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, allmhairiú, dáileadh, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe i leith seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.

5. Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus beidh an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach acu agus beidh siad saor ó gach brú agus aslach, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil leas i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6. Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann ar cé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chuireann na cúraimí sin i gcrích nó an é go gcuirtear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I gcás gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineáil nó catagóire táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a)

pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)

tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta atá le cur i gcrích, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas i dtaobh iad a atáirgeadh. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé;

(c)

na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i dtrácht agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7. Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a)

oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna is infheidhme, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a ghníomhartha cur chun feidhme;

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a dhréachtú lena léirítear gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

8. Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-ardbhainistíochta, agus an phearsanra measúnúcháin.

Ní bheidh luach saothair ardbhainistíocht agus phearsanra measúnúcháin an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirtear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9. Beidh árachas dliteanais ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta mura rud é go nglacann a mBallstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó gurb é an Ballstát féin atá freagrach as an measúnú comhréireachta.

10. Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VIII nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dó sin, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar na cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n-áiritheofar comhlíonadh na míre seo.

11. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bhunaítear faoi Airteagal 51, nó áiritheoidh siad go bhfuil a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoraíocht ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

12. Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom, comhréireach agus réasúnach, agus ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha á sheachaint acu, go háirithe agus leasanna micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide i ndáil le táillí á gcur i gcuntas acu.

Article 40

Toimhde chomhréireachta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Article 41

Fochuideachtaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht arna déanamh ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. I gcás ina ligeann comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 agus tabharfaidh sé an méid sin le fios dá réir sin don údarás a thugann fógra.

2. Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoirí nó fochuideachtaí cibé áit a mbeidh siad bunaithe.

3. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach le comhaontú an mhonaróra.

4. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, chomh maith leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Article 42

Iarratas ar fhógra

1. Cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoi bhráid údarás a thugann fógra an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2. Ba cheart tuairisc a bheith ag gabháil leis an iarratas sin ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an nós nó na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus ar an táirge nó na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnúcháin, i gcás inarb infheidhme, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39.

3. I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnúcháin a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 a fhíorú, a aithint agus chun faireachán tráthrialta a dhéanamh uirthi.

Article 43

An nós imeachta um fhógra a thabhairt

1. Ní dhéanfaidh údaráis a thugann fógra fógra a thabhairt ach do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta sin amháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 comhlíonta acu.

2. Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe, córas arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.

3. Áireofar san fhógra mionsonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge nó faoi na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi fhianú ábhartha na hinniúlachta.

4. I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2), soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 39.

5. Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de 2 sheachtain i ndiaidh an fhógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnúcháin, nó laistigh de 2 mhí i ndiaidh an fhógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

6. Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Article 44

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.

Sannfaidh sé uimhir aonair den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais.

2. Déanfaidh an Coimisiún an liosta comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais a sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.

Article 45

Athruithe ar na fógraí

1. I gcás inar fhionn údarás a thugann fógra, nó inar cuireadh in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 á gcomhlíonadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra a thuilleadh, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht a thugann fógra an fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain i leith na ceanglais nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2. I gcás ina ndéantar fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil, nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis fhreagracha um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

Article 46

Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás ina bhfuil sé in amhras faoi, nó ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil amhras faoi, inniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra chun na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh nó faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh.

2. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta ábhartha a choinneáil ar bun a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó.

3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a imscrúduithe.

4. I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas maidir lena fhógra nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

Article 47

Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 agus in Iarscríbhinn VIII.

2. Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí neamhriachtanacha a leagan ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ngníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid na ngnóthas, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, an earnáil ina n-oibríonn siad, a struchtúr, a gcastacht agus leibhéal riosca cibearshlándála na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an teicneolaíocht atá i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.

3. Mar sin féin, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an Rialachán seo.

4. I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I ná sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha ná i sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27 comhlíonta ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta.

5. I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú a fhionraí nó a tharraingt siar más gá.

6. I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Article 48

Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra ar fáil.

Article 49

An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a fhionraítear nó a tharraingítear siar;

(b)

aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha faoi shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin dóibh, torthaí dearfacha i dtaca le measúnuithe comhréireachta, a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na táirgí céanna ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Article 50

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir leis an malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Article 51

Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa trasearnála comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

Caibidil V

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS FORFHEIDHMIÚ

Article 52

Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais

1. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 i leith táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin um fhaireachas margaidh nó níos mó ná sin chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit údarás atá ann cheana nó údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh i gcás an Rialacháin seo.

3. Beidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear faoi mhír 2 den Airteagal seo freagrach freisin as gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí i gcás maoir bogearraí foinse oscailte a leagtar síos in Airteagal 24. I gcás ina bhfionnann údarás um fhaireachas margaidh nach gcomhlíonann maor bogearraí foinse oscailte na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal sin, ceanglóidh sé ar an maor bogearraí foinse oscailte a áirithiú go ndéanfar gach gníomh ceartaitheach iomchuí. Áiritheoidh maoir bogearraí foinse oscailte go ndéanfar gach gníomh ceartaitheach iomchuí i leith a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

4. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ainmnítear de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta. Maidir leis an maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh leis na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus le ENISA agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta leo.

5. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó ar ENISA comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Agus imscrúdú á dhéanamh faoi Airteagal 54, féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú le meastóireachtaí ar chomhlíontacht na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

6. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le húdaráis eile um fhaireachas margaidh a ainmnítear ar bhonn reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo, agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta.

7. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áirítear leis an gcomhar sin na húdaráis sin a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha do chomhlíonadh a n-inniúlachtaí, lena n-áirítear nuair a bhíonn treoraíocht agus comhairle á n-eisiúint acu de bhun mhír 10 má bhaineann an treoraíocht agus an chomhairle sin le próiseáil sonraí pearsanta.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí aon doiciméadacht a chruthaítear nó a choimeádtar faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair is gá rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Cuirfidh siad údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus teicniúla ar fáil do na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, uirlisí uathoibrithe próiseála, chomh maith le hacmhainní daonna ag a bhfuil na scileanna cibearshlándála is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

9. Déanfaidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh a spreagadh agus a éascú.

10. Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh treoraíocht agus comhairle a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, le tacaíocht ón gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ó CSIRTanna agus ó ENISA.

11. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh tomhaltóirí ar an eolas maidir le cá háit chun gearáin a thíolacadh a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh leis an Rialachán seo a léiriú, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1020, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil do thomhaltóirí maidir le cén áit agus conas rochtain a fháil ar shásraí chun tuairisciú ar leochaileachtaí, teagmhais agus cibearbhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a éascú.

12. Éascóidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcás inarb ábhartha, an comhar le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí eolaíochta, taighde agus tomhaltóirí.

13. Tuairisceoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh don Choimisiún ar bhonn tráthrialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha um fhaireachas margaidh. Tuairisceoidh údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.

14. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/1689, is iad na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear chun críocha an Rialacháin sin na húdaráis a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun Rialachán (AE) 2024/1689, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo agus, maidir le maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, leis na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus le ENISA. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

15. Bunófar ADCO chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh ADCO comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair. Tabharfaidh ADCO aghaidh freisin ar ábhair shonracha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faireachais margaidh i ndáil leis na hoibleagáidí a chuirtear ar mhaoir bogearraí foinse oscailte

16. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachán ar an gcaoi ar chuir monaróirí na critéir dá dtagraítear in Airteagal 13(8) i bhfeidhm agus tréimhse thacaíochta a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á cinneadh acu.

Foilseoidh ADCO, i bhfoirm a bheidh inrochtana don phobal agus soláimhsithe, staidreamh ábhartha ar chatagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear meántréimhsí tacaíochta, arna gcinneadh ag an monaróir de bhun Airteagal 13(8), chomh maith le treoraíocht a sholáthar ina n-áirítear tréimhsí tacaíochta táscacha i gcás catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

I gcás ina dtugann na sonraí le fios go bhfuil tréimhsí tacaíochta neamhleora ann le haghaidh catagóirí sonracha táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh ADCO moltaí a eisiúint d’údaráis um fhaireachas margaidh chun a ngníomhaíochtaí a dhíriú ar na catagóirí táirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Article 53

Rochtain ar shonraí agus ar dhoiciméadacht

I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá, i dteanga is furasta dóibh a thuiscint, chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí na dtáirgí sin, lena n-áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha.

Article 54

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit chun a mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear láimhseáil leochaileachtaí an táirge, déanfaidh sé gan moill mhíchuí, agus, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis an CSIRT ábhartha, meastóireacht ar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis an údarás um fhaireachas margaidh de réir mar is gá.

I gcás, agus an mheastóireacht sin á déanamh, ina bhfionnann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin, é a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca cibearshlándála, de réir mar a fhéadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a fhorordú.

Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 i leith na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.

2. Agus an tábhacht a bhaineann le riosca cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á cinneadh, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh tosca neamhtheicniúla riosca a mheas freisin, go háirithe iad siúd a bhunaítear mar thoradh ar mheasúnuithe comhordaithe riosca slándála ar shlabhraí soláthair criticiúla ar leibhéal an Aontais arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údarás um fhaireachas margaidh lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, cuirfidh sé na húdaráis inniúla a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 ar an eolas agus oibreoidh sé i gcomhar leis na húdaráis sin de réir mar is gá.

3. I gcás ina measann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a chuir sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a chur i gcrích.

4. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais aige.

5. I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch beart ceartaitheach leormhaith laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.

Tabharfaidh an t-údarás sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, gan aon mhoill mhíchuí, faoi na bearta sin.

6. San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, chomh maith le háit tionscnaimh an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta atá déanta agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu an ceann amháin nó níos mó na sin de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh nó nach ea:

(a)

mainneachtain an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na bpróiseas arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó sna sonraíochtaí coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 27.

7. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát cé is moite d’údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus, i gcás easaontú leis an mbeart náisiúnta faoina dtugtar fógra, faoina n-agóidí.

8. I gcás, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag Ballstát ná ag an gCoimisiún i leith beart sealadach atá déanta ag Ballstát, measfar go bhfuil údar cuí leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

9. Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát uile go ndéantar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, amhail an táirge sin a tharraingt siar óna margadh, gan mhoill.

Article 55

Nós imeachta coimirce an Aontais

1. I gcás, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 54(5) a fháil, ina ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát eile, nó i gcás ina measann an Coimisiún an beart a bheith contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis an mBallstát ábhartha agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 54(5) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

2. Má mheastar údar cuí a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar siar an táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3. I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

4. I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 27, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(9), ina sonraítear an toimhde chomhréireachta maidir leis an scéim deimhniúcháin sin, a leasú nó a aisghairm.

5. I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart aon ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(2) ina leagtar amach na sonraíochtaí coiteanna sin a leasú nó a aisghairm.

Article 56

Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. I gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas, lena n-áirítear bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, nach gcomhlíonann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann riosca suntasach cibearshlándála na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin. I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh meastóireacht ar an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ina riosca suntasach cibearshlándála i leith chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 54 agus 55.

2. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, déanfaidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555, a chur ar an eolas agus oibreoidh sé i gcomhar leis na húdaráis sin de réir mar is gá. Déanfaidh an Coimisiún freisin ábharthacht na rioscaí sainaitheanta i gcás an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas i bhfianaise a chúraimí maidir le measúnuithe comhordaithe riosca slándála ar shlabhraí soláthair criticiúla ar leibhéal an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555, agus rachaidh sé i gcomhairle, de réir mar is gá, leis an nGrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555 agus le ENISA.

3. In imthosca a thugann údar cuí le hidirghabháil láithreach a dhéanamh chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chomhlíonadh a chur i gcrích agus féadfaidh sé a iarraidh ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú leis. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

4. Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

5. Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil do bhearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a cheangal go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

6. Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhartha cur chun feidhme sin a chur chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

7. Beidh feidhm ag míreanna 3 go 6 ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a thug údar cuí le hidirghabháil an Choimisiúin, ar choinníoll nach dtugtar an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Article 57

Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. Ceanglóidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit ar oibreoir eacnamaíoch gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 54, ina bhfionnann sé, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo chomh maith le riosca don mhéid seo a leanas:

(a)

sláinte nó sábháilteacht daoine;

(b)

comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá beartaithe chun cearta bunúsacha a chosaint;

(c)

infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí a thairgtear trí úsáid a bhaint as córas faisnéise leictreonach ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555; nó

(d)

gnéithe eile de chosaint leas an phobail.

Féadfar a áireamh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta chun a áirithiú nach mbeidh na rioscaí ábhartha ag baint a thuilleadh leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná leis na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir agus an táirge á chur ar fáil ar an margadh, agus an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha á tharraingt siar ón margadh, nó á aisghairm, agus beidh na bearta i gcomhréir le cineál na rioscaí sin.

2. Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go ndéantar beart ceartaitheach i leith na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéantar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

3. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na bearta a ghlactar de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an cineál riosca atá i gceist, agus cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta a ghlactar.

4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a ghlactar. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar cuí leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5. Díreoidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 chuig na Ballstáit.

6. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún chun a mheas, lena n-áirítear cúis atá bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, déanfaidh sé an t-údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas agus féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.

7. In imthosca a thugann údar cuí le hidirghabháil láithreach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas go leanann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 6 de na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 a chruthú, agus nach bhfuil aon bhearta éifeachtacha déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus féadfaidh sé a iarraidh ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú leis an meastóireacht sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

8. Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún a shuí go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

9. Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a cheangal go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghairm, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

10. Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhartha cur chun feidhme sin a chur chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

11. Beidh feidhm ag míreanna 6 go 10 ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a thug údar cuí le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Article 58

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1. I gcás ina bhfaighidh údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát amach faoi aon cheann de na nithe seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagail 29 agus 30;

(b)

nár greamaíodh an mharcáil CE;

(c)

nár tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE;

(d)

nár tarraingíodh suas i gceart dearbhú comhréireachta AE;

(e)

nár greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá bainteach leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás inarb infheidhme;

(f)

nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó nach bhfuil sí iomlán.

2. I gcás inar ann fós don neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh, é sin nó áiritheoidh sé go ndéanfar an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

Article 59

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh

1. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chomhaontú le húdaráis ábhartha eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh atá dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar minic rioscaí cibearshlándála a bheith ag baint leo.

2. Déanfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fud roinnt Ballstát i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

3. Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe sa chomhaontú.

4. Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a dhéanfaidh sé.

5. Déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, a chur ar fáil don phobal.

Article 60

Scuab-imscrúduithe

1. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe go comhuaineach (scuab-imscrúduithe) ar tháirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó catagóirí díobh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. Féadfar a áireamh ar na scuab-imscrúduithe sin cigireachtaí ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhaightear faoi chéannacht cheilte.

2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

3. I gcás ina sainaithneoidh ENISA, agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear bunaithe ar na fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 14(1) agus (3), catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhféadfar scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith, cuirfidh sé togra le haghaidh scuab-imscrúdú faoi bhráid an chomhordaitheora dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4. Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagail 52 go 58 agus as aon chumhacht eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

5. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

Caibidil VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Article 61

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) agus Airteagal 31(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 10 Nollaig 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) agus Airteagal 31(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) nó (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) nó Airteagal 31(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Article 62

Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse a leagtar síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann ball den choiste amhlaidh.

Caibidil VII

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Article 63

Rúndacht

1. Gach páirtí a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

(b)

cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(c)

leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

(d)

sláine na n-imeachtaí coiriúla nó riaracháin.

2. Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis um fhaireachas margaidh féin agus idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás um fhaireachas margaidh tionscnaimh.

3. Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, faisnéis a sholáthar faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

4. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis íogair a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta.

Article 64

Pionóis

Cad a chosnaíonn neamhchomhlíonadh

Féadfaidh sárú ar na ceanglais riachtanacha fíneálacha suas le €15 mhilliún nó 2.5% den láimhdeachas bliantúil iomlán ar fud an domhain a mhealladh, cibé acu is airde.

1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2. Neamhchomhlíonadh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2,5 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

3. Neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 18 go 23, Airteagal 28, Airteagal 30(1) go (4), Airteagal 31(1) go (4), Airteagal 32(1), (2) agus (3), Airteagal 33(5), agus Airteagail 39, 41, 47, 49 agus 53, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

4. Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis um fhaireachas margaidh mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

5. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

(b)

an amhlaidh gur ghearr na húdaráis chéanna um fhaireachas margaidh nó údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna as sárú comhchosúil;

(c)

méid, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus sciar margaidh an oibreora eacnamaíoch a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.

6. Údaráis um fhaireachas margaidh a chuireann fíneálacha riaracháin i bhfeidhm, cuirfidh siad an cur i bhfeidhm sin in iúl d’údaráis um faireachas margaidh Ballstát eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.

7. Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin agus faoina mhéid a fhéadfar iad a ghearradh.

8. Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is gurb iad cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile a ghearrfaidh na fíneálacha, de réir na n-inniúlachtaí arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.

9. Féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh, ag brath ar imthosca gach cáis aonair, sa bhreis ar aon bheart ceartaitheach nó sriantach eile a chuireann na húdaráis um fhaireachas margaidh i bhfeidhm maidir leis an sárú céanna.

10. De mhaolú ar mhíreanna 3 go 9, ní bheidh feidhm ag na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear sna míreanna sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

monaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga maidir le haon mhainneachtain an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (a), nó in Airteagal 14(4), pointe (a), a chomhlíonadh;

(b)

aon sárú ar an Rialachán seo ag maoir bogearraí foinse oscailte.

Article 65

Caingne ionadaíocha

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag oibreoirí eacnamaíocha ar fhorálacha den Rialachán seo lena ndéantar dochar, nó lena bhféadfaí dochar a dhéanamh, do chomhleasanna tomhaltóirí.

Caibidil VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Article 66

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘71

. Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Article 67

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘67.

Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Article 68

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013

I gCuid C1, sa tábla, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38),cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

’.

Article 69

Forálacha idirthréimhseacha

1. Maidir le deimhnithe um chineálscrúdú AE agus cinntí formheasa arna n-eisiúint maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí an 11 Meitheamh 2028, ach amháin má théann siad in éag roimh an dáta sin, nó mura sonraítear a mhalairt i reachtaíocht eile sin an Aontais um chomhchuibhiú, agus sa chás sin beidh siad fós bailí mar a thagraítear dó sa reachtaíocht sin.

2. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh roimh an 11 Nollaig 2027, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo ach amháin más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na táirgí sin faoi réir modhnú substaintiúil.

3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14 maidir leis na táirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a cuireadh ar an margadh roimh an 11 Nollaig 2027.

Article 70

Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Faoin 11 Nollaig 2030 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

2. Faoin 11 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ENISA agus le gréasán CSIRTanna, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar éifeachtacht an ardáin tuairiscithe aonair a leagtar amach in Airteagal 16, chomh maith leis an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm na bhforas cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 16(2) ag na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí ar éifeachtacht an ardáin tuairiscithe aonair a mhéid a bhaineann le scaipeadh tráthúil fógraí a fhaightear ar CSIRTanna ábhartha eile.

Article 71

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Príomhdhátaí

I bhfeidhm 10 Nollaig 2024 · oibleagáidí tuairiscithe ón 11 Meán Fómhair 2026 · lánfheidhm ón 11 Nollaig 2027.

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Nollaig 2027.

Beidh feidhm ag Airteagal 14, áfach, ón 11 Meán Fómhair 2026 agus ag Caibidil IV (Airteagail 35 go 51) ón 11 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Foinse: Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Atáirgthe le haghaidh tagartha; is é an téacs barántúil an ceann a foilsíodh ar EUR-Lex. Is treoir neamhspleách é an suíomh seo agus níl baint aige leis an gCoimisiún Eorpach.